Cartlann Bodhar na hÉireann Tithe na mBocht/Tithe Oibre An Cúlra Á Chur i Láthair ag Shane Gilchrist Dia Dhaoibh. Inniu beidh mé ag caint faoi 'Teach na mBocht', nó 'an Teach Oibre'. 'Teach na mBocht' an seanainm a bhí air. Tugtar 'Tithe Oibre' orthu sa lá atá inniu ann. Bunaíodh sna 1700idí iad, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste mar shampla. Cuireadh Tithe na mBocht ar fáil do dhaoine boichte nach raibh aon obair acu. Dá rachaidís ann, bheadh bia acu, ach bhíothas ag tnúth go rachaidís i mbun oibre. (Tharla rud éigin i 1703) I 1703, bunaíodh "Teach na Tionsclaíochta" i mBaile Átha Cliath trí Acht Parlaiminte. Bhí sé cosúil leis Teach na mBocht, do dhaoine boichte chun go rachaidís i mbun oibre agus mar sin de. (Bhí Achta Dlíthe na mBocht ar leith in Eirinn agus i Sasana.) Rith rialtas Shasana dlí i 1834, a d'fheidhmíodh i Sasana amháin. Rinne Éire amhlaidh ceithre bhliain ina dhiaidh, nuair a rith sí reachtaíocht féin. (Acht Dhlí na mBocht 1838) Tar éis múnla Shasana a leanúínt, i 1838, tháinig an tAcht nua, Acht Dhlí na mBocht i bhfeidhm. Sular ritheadh an Achta, ní raibh morán Tithe na mBocht ann ceann amháin anseo agus ansiúd agus mar sin de. Ach i ndiaidh 1838, tháinig méadú i líon Tithe na mBocht agus togadh tuairim is 150 nó mar sin in áiteanna cosúil le Corcaigh, Gaillimh agus in áiteanna ar fud na tíre. Conas a cabhraíodh Tithe na mBocht? Mar shampla...eh... Sa lá atá inniu ann, thabharfadh Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath tithíocht agus mar sin, agus ag an am sin, ní raibh an tithíocht seo ar fáil. Tá carthanais cosúil le Cumann Naomh Uinseann de Pól againn anois má tá cabhair uainn. Ag an am, ní raibh na carthanais seo ag daoine. Dá mbeadh cabhair uatha, bhí orthu dul go Teach na mBocht. (Teach na mBocht Bhéal Feirste) I 1790, bhunaigh agus mhaoinigh na daoine áitiúla Teach na mBocht Bhéal Feirste, gan aon tacaíocht ón rialtas. Bhí an Teacht Bocht seo suite gár do scoil Bodhar. Bhí ospidéal, dochtúir, bia saor in aisce i dTeach na mBocht, mar sin théití go dtí Teach na mBocht go rialta. Dá mbeadh breoiteacht ar aon páiste bodhar, rachadh sé go Teach na mBocht. Is é ár gcomhartha le haghaidh 'Bocht' ná...Rinneadh ospidéal as an Teach Bocht ar deireadh. Ospidéal Cathrach Bhéal Feirste. Chiallaigh sé sin gur bhain na bodhair áitiúla úsaid as an comhartha céanna le haghaidh 'Bocht' agus 'Ospidéal'. Cuir faoi ndeara go úsáidtear le haghaidh ospidéal in ISL, ach i mBéal Feirste úsáídtear I Sasana, tá sé éagsúil arís.