[Gach Rud Nua i bhFirefox] Tá sé níos éasca ná riamh teacht ar an eolas atá uait leis an leagan is déanaí de Firefox. Leis an dearadh nua ar an Leathanach Baile, beidh tú in ann teacht ar na roghanna is minice a úsáideann tú. Mar shampla íosluchtuithe, leabharmharcanna, stair, breiseáin, sioncrónú, agus socruithe. [Leathanach Cluaisín Nua] D'fheabhsaíomar an leathanach a thaispeántar le Cluaisín Nua. Leis an leathanach Cluaisín Nua, is féidir cuairt a thabhairt ar na suímh is ansa leat le clic amháin. Chun an leathanach Cluaisín Nua a úsáid, cruthaigh cluaisín nua trí '+' a chliceáil ar bharr do bhrabhsálaí. Taispeánfar mionsamhlacha de na suímh is ansa leat ó do stair bhrabhsála ar an leathanach Cluaisín Nua Is féidir leat leagan amach an leathanaigh Cluaisín Nua a oiriúnú trí na mionsamhlacha a tharraingt. Cliceáil an biorán chun an suíomh a ghlasáil, agus cliceáil an cnaipe 'X' chun suíomh a bhaint de. Nó, cliceáil an deilbhín 'greille' ar bharr an leathanaigh ar dheis chun filleadh ar leathanach bán an Chluaisín Nua. Faigh an leagan is déanaí de Firefox anois agus bain tairbhe as na gnéithe nua seo inniu!