0:00:00.877,0:00:05.841 [Gach Rud Nua i bhFirefox] Tá sé níos éasca ná riamh teacht ar an eolas atá uait leis an leagan is déanaí de Firefox. 0:00:05.841,0:00:11.417 Leis an dearadh nua ar an Leathanach Baile, beidh tú in ann teacht ar na roghanna is minice a úsáideann tú. 0:00:11.417,0:00:16.958 Mar shampla íosluchtuithe, leabharmharcanna, stair, breiseáin, sioncrónú, agus socruithe. 0:00:16.958,0:00:19.917 [Leathanach Cluaisín Nua] D'fheabhsaíomar an leathanach a thaispeántar le Cluaisín Nua. 0:00:19.917,0:00:26.333 Leis an leathanach Cluaisín Nua, is féidir cuairt a thabhairt ar na suímh is ansa leat le clic amháin. 0:00:26.333,0:00:32.375 Chun an leathanach Cluaisín Nua a úsáid, cruthaigh cluaisín nua trí '+' a chliceáil ar bharr do bhrabhsálaí. 0:00:32.375,0:00:39.459 Taispeánfar mionsamhlacha de na suímh is ansa leat ó do stair bhrabhsála ar an leathanach Cluaisín Nua 0:00:39.459,0:00:44.458 Is féidir leat leagan amach an leathanaigh Cluaisín Nua a oiriúnú trí na mionsamhlacha a tharraingt. 0:00:44.458,0:00:49.620 Cliceáil an biorán chun an suíomh a ghlasáil, agus cliceáil an cnaipe 'X' chun suíomh a bhaint de. 0:00:49.620,0:00:54.418 Nó, cliceáil an deilbhín 'greille' ar bharr an leathanaigh ar dheis chun filleadh ar leathanach bán an Chluaisín Nua. 0:00:54.418,0:01:07.069 Faigh an leagan is déanaí de Firefox anois agus bain tairbhe as na gnéithe nua seo inniu!